Ailse phróstataigh

 

 

Cad is Ailse ann?

Tá an cholainn déanta suas de na milliúin ceall a bhíonn ag dul d’éag de shíor agus cinn úra ag teacht ina n-ionad. De ghnáth, deighleann na cealla ar bhealach ordúil agus rialaithe. Tarlaíonn an ailse nuair a dheighleann cill agus a iolraíonn sí ró-ghasta. Déanann seo cnap ceall mínormálta a dtugtar siad orthu. Bíonn siadaí neamhurchóideach (neamhailseach) nó  urchóideach (ailseach). Tá 200 chineál éagsúla d’ailse ann agus méadaíonn brath luath an deis go mbeidh cóireáil rathúil ann.

Cad é an próstatach?

Is é an próstatach faireog atá suite ag bonn an lamhnáin fillte timpeall ar an fheadán (ar a dtugtar an t-úiréadra) a iompraíonn fual amach as an bhod. Tá sé geall le chomh mór le liathróid ghailf agus is é an fheidhm atá aige sreabhán a iompraíonn síol a dhéanamh.

Na Comharthaí

Is claon leis an phróstatach fás níos mó leis an aois agus de bharr a shuímh thig leis fadhbanna le déanamh múin a tharraingt. De ghnáth is féidir déileáil le próstatach méadaithe, ar a dtugtar Hipearpláise Phróstataigh gan Urchóid, le cógas nó faoin scian. Féadfaidh comharthaí ailse próstataí a bheith cosúil leofa siúd a fhaightear ar fhir a bhfuil próstatach méadaithe orthu (féach seicliosta) ach don chuid is mó d’fhir níl comharthaí ar bith ann. Mar sin, tá sé tábhachtach go bpléann tú comharthaí ar bith atá ort le do dhochtúir. Féadfaidh go molfadh do dhochtúir tástáil fola ar a dtugtar PSA (Sain-antaigin phróstatach). FÉADFAIDH go mbeadh leibhéil níos airde ceangailte le hailse phróstataigh.

An féidir ailse phróstataigh a chóireáil?

Tá ailse phróstataigh níos fusa anois a bhrath agus a chóireáil ach tá sé tábhachtach go dtiocfadh fir i láthair chomh luath agus is féidir.

Fíricí fá dtaobh d’ailse phróstataigh:

Is í ailse phróstataigh an tríú siocair is coitianta le bás de bharr na hailse i measc fear, rud arb ionann é agus 200 bás in aghaidh na bliana i dTuaisceart Éireann.

Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar líon na gcás i measc fear níos óige. Braitear breis agus 900 cás úra d’ailse phróstataigh i dTuaisceart Éireann achan bhliain.

Oibríonn cóireáil go maith d’ailse phróstataigh agus is féidir é a leigheas nuair a dhéantar é a logánú.

Do mhórán fear níl comharthaí ar bith ann le rabhadh a thabhairt dófa fá dtaobh d’ailse phróstataigh. Tá sé iontach tábhachtach mar sin d’fhir a bheith feasach ar cheisteanna fá dtaobh de shláinte an phróstataigh. Tá sé tábhachtach le tabhairt fá dear nach ailse iad an chuid is mó d’fhadhbanna próstataigh.

Seiceáil fá choinne

Fiafraigh na ceisteanna seo a leanas díot féin:

  • An ndéanann tú mún in amanna nuair nach bhfuil coinne agat leis?
  • An ndéanann tú mún trí nó ceithre huaire i rith na hoíche?
  • An mbíonn tú ag dul as do chraiceann chun mún a dhéanamh agus ansin níl tú i ndon oiread is silín a dhéanamh?
  • An gcuireann sé straidhn ort mún a dhéanamh nó an dtógann sé tamall fada ort tús a chur leis?
  • Nuair a dhéanann tú mún, an mbíonn tú i dtólamh ag stad is ag toiseacht?
  • An mbíonn míchompord ar bith ort mar phian nó loscadh nuair a dhéanann tú do mhún?
  • An n-airíonn do lamhnán lán i ndiaidh duit críochnú?
  • An mbíonn sileadh ar bith ann i ndiaidh duit stad?
  • An bhfaca tú fuil i d’fhual riamh?

Má tá freagra dearfach ar cheann de na ceisteanna seo, féadfaidh go mbeidh deacracht le do phróstatach. Mholfadh muid go bhfeicfeá do dhochtúir láithreach bonn le hoibriú amach an bhfuil na comharthaí seo ann mar gheall ar phróstatach méadaithe nó ailse phróstataigh.

D’fhéadfadh diagnóis ghasta do bheatha a tharrtháil!

Cur Chun Cinn Sláinte

Cuireann Gníomh na hAilse seisiúin ar fáil le feasacht ar Ailse agus Maireachtáil Shláinte le fir a mhúineadh cad é mar a chuideodh stíl fholláin bheatha chun ailse a chosc agus mar a d’fhéadfadh brath go luath fríd féinscrúdú rialta beatha a tharrtháil. 

Soláthraíonn Action Cancer…

Brath Luath

Seirbhísí scagthástála cíoch agus scrúduithe sláinte le fáil ón Bhus Mór agus ó Theach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste.

Seirbhísí Tacaíochta

Tá teiripe chomhlántach, snáthaidpholladh, comhairliú, cóitseáil saoil, piarmheantóireacht agus an Clár Maireachtála Dearfaí s’againn le fáil dófa siúd a dtéann an ailse i bhfeidhm orthu le cáilíocht bheatha a fheabhsú agus straitéisí déileála a fhoghlaim.

Oideachas

Mar charthanacht áitiúil a dhíríonn ar fheasacht fá dtaobh den ailse, ar chosc agus ar bhrath, cuireann an fhoireann cur chun cinn sláinte réimse seirbhísí agus clár ar fáil do scoileanna, do phobail agus d’ionaid oibre ar feadh Thuaisceart Éireann.