Ailse an Chraicinn

 

 

Cad is Ailse ann?

Tá an cholainn déanta suas de na milliúin ceall a bhíonn  ag dul d’éag de shíor agus cinn úra ag teacht ina n-ionad. De ghnáth, deighleann na cealla ar bhealach ordúil agus rialaithe. Tarlaíonn an ailse nuair a dheighleann cill agus a iolraíonn sí ró-ghasta. Déanann seo cnap ceall mínormálta a dtugtar siad orthu. Bíonn siadaí neamhurchóideach (neamhailseach) nó  urchóideach (ailseach). Tá 200 chineál éagsúla d’ailse ann agus méadaíonn brath luath an deis go mbeidh cóireáil rathúil ann.

Is ball den chorp é an craiceann. Déanann sé roinnt feidhmeanna tábhachtacha mar a bheith mar bhac agus ag cosaint a bhfuil taobh istigh de do chorp. Roinntear an craiceann in dhá chiseal. Is é an eipideirm an ciseal ar an taobh amuigh agus an deirm an ciseal faoina bhun. Fúthu seo tá ciseal níos doimhne d’fhíochán sailleach ann..

 

  • Eipideirm
  • Deirm
  • Fo-chraicneach

    Cad is siocair le hailse an chraicinn?

    Is é nochtadh do ghathanna UV ón ghréin is siocair leis an chuid is mó d’ailse an chraicinn agus bíonn an baol thar a bheith ard más rud é go raibh dó gréine ort go minic nuair a bhí tú i do leanbh.

    Rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte innéacs UV Gréine (ó 0 go 11+), a chuidíonn linn chun fios a bheith againn nuair a nochtar do leibhéil dhíobhálacha le go mbeadh fios againn cathain a chaithfidh muid ár gcraiceann a chosaint.

    I dTuaisceart Éireann, tchíonn muid go rialta leibhéil 3 nó níos airde ón Aibreán amach agus áirítear le tuar na haimsire de ghnáth beagán faisnéise fá dtaobh de leibhéil UV le go mbeadh a fhios againn cathain atá muid i mbaol níos mó a bheith nochta do na gathanna díobhálacha seo. Ní go díreach nuair a théann muid thar lear gu críocha níos grianmhaire.

     

    • 0-2 Níl Gá le Cosaint – Is féidir leat fanacht amuigh go slán sábháilte
    • 3-5 / 6-7 Cosaint de Dhíth – Iarr scáth ar uaireanta an mheán lae. Cuir ort léine, uachtar gréine agus hata
    • 8-10 / 11+ Cosaint Bhreise de Dhíth – Seachain a bheith amuigh thart fá mheán lae. Féach chuige go n-iarrann tú scáth. Caithfear léine, scáth gréine agus hata a chaitheamh.

    Is féidir leis an bhaol go ndéanfaí dochar do do chraiceann a bheith ag brath fosta ar an chineál craicinn atá agat.

    Cuir eolas ar do chraiceann

    Ní imoibríonn craiceann gach duine ar an mbealach céanna leis an ghrian. Tá sé tábhachtach eolas a bheith agat ar do chineál craiceann chun do riosca dó gréine agus damáiste craicinn a laghdú.

     

    Cineál 1 – Dóitear go minic, crónú go hannamh. Claon ann breicní, gruaig rua nó fhionn, súile gorma nó uaine a bheith aige.

    Cineál 2 –  Dóitear de ghnáth, crónú in amanna. Claon ann gruaig bhán, súile gorma nó donna a bheith aige.

    Cineál 3 – Dóitear in amanna, crónú de ghnáth. Claon ann gruaig dhonn agus súile donna a bheith aige.

    Cineál 4 – Dóitear go hannamh, crónú go minic. Claon ann súile agus gruaig dhorcha dhonn a bheith aige.

    Cineál 5 – Craiceann donn ó nádúr. Súile agus gruaig dhorcha dhonn go minic.

    Cineál 6 –  Craiceann idir dhubh is dhonn ó nádúr. Súile agus gruaig dhubh dhonn de ghnáth.

    Baol Ard – Baol Íseal

    Fachtóirí Riosca Ailse an Chraicinn:

    Tá daoine a mbaineann fachtóirí áirithe riosca leofa níos dealraithí ailse an chraicinn a thógáil. Bíonn fachtóirí éagsúla ag athrú idir na cineálacha éagsúla d’ailse an chraicinn ach seo roinnt fachtóirí riosca i gcoitinne: 

     

    • Dó gréine – Is é nochtadh do UV an tsiocair inchoiscthe is mó le hailse an chraicinn.
    • Cineál/dath craicinn (féach treoir fá dtaobh de chineál craicinn)
    • Líon ball dobhráin
    • Stair mhuintire
    • Ailse an chraicinn roimhe
    • Feidhm a bhaint as leaba ghréine
    • Aois – méadaítear an baol le haois

    Cineálacha d’ailse chraicinn

    Tá dhá phríomhchineál d’ailse chraicinn ann: meileanóma agus ailse chraicinn neamh-mheileanómach.

    Is é ailse chraicinn neamh-mheileanómach an cineáil is coitianta d’ailse an chraicinn a dhiagnóistear sa RA achan bhliain. .

    Is iad an dá chineál is coitianta d’ailse chraicinn neamh-mheileanómach ná-

    • Carcanóma bonncheallach
    • Carcanoma ceall gainneach.

    Níl meileanóma urchóideach chomh coitianta agus caithfear é a chóireáil chomh luath agus is féidir cionn is go bhfásann sé chomh gasta.

    Comharthaí Ailse an Chraicinn

    Tá diofar idir comharthaí ailse chraicinn meileanóma agus ailse chraicinn neamh-mheileanómach agus tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh a fhios agat ar na rudaí a bhaineann leis an dá chineál.

    Tarlaíonn an cineál neamh-mheileanómach níos coitianta ar chraiceann a nochtar don ghréin agus féadfaidh go mbeidh comharthaí cosúil le riochtaí craicinn neamhailseacha.

    • Ball nó cneá nach leigheasann taobh istigh de cheithre seachtaine
    • Ball nó cneá a choinníonn air ag gortú, ina ngearb, ag cur fola nó ina dtochas ar feadh breis agus ceithre seachtaine
    • Cuid den chraiceann a briseadh síos nó a chuaigh ina hothras gan ábhar agus nach leigheasann taobh istigh de cheithre seachtaine.

    Ba cheart go ndéanfadh do dhochtúir teallaigh seiceáil ar cheann ar bith de na comharthaí seo.

    Tarlaíonn ailse chraicinn mheileanómach níos coitianta ar bhall dobhráin agus tá comharthaí cinnte ann ar ceart iad a bheith scrúdaithe ag dochtúir. Coimhéad amach fá choinne athruithe ar bhaill, lena n-áirítear:

    • Athrú ar mhéid
    • Athrú ar dhath – scáileanna níos dorcha, breac nó ildathach
    • Athrú ar chruth nó easpa siméadrachta
    • Tochas nó pian
    • Athlasadh
    • Fuiliú nó screamha

    Cuimhnigh ABCD Meileanóma

    A = Asymmetry/Neamhshiméadracht.  Nuair nach bhfuil leath amháin den bhall dobhráin ar aon dul leis an leath eile.

    B = Border/Teorainn.  Nuair a bhíonn teorainneacha an bhaill neamhrialta/gioblach.

    C = Colour/Dath. Nuair a athraíonn dath an bhaill síos fríd.

    D = Diameter/Trastomhas Má bhíonn an trastomhas níos mó ná ar scriosán pinn luaidhe – 6mm.

    Téigh i dtaithí ar sheiceáil do chraicinn uair in aghaidh na míosa le go mbeidh a fhios agat nuair a d’fhéadfadh sé go bhfuil rud inteacht i ndiaidh athrú.

    MÁ BÍONN TÚ IN AMHRAS, SEICEÁIL

    Cosc ailse an chraicinn

    Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios againn gur féidir linn go leor ailsí craicinn a chosc ach ár gcraiceann a chosaint.

    Ceapann an chuid is mó daoine go bhfaighidh tú ailse chraicinn mar gheall ar dhó thar lear ach is é an nochtadh ginearálta dár n-aeráid laethúil is cúis leis an bhfadhb.

    Seo beagán faisnéise ar chosaint do chraicinn:

    Cuimhnigh an chomhairle: Cuir ort agus Cuardaigh.

    • Cuir ort t-léine. Feidhmíonn clúdach ar réimsí mar do ghuaillí agus do dhroim a dhónn go héasca mar cheann de na bealaí is éifeachtaí le dó gréine a sheachaint.
    • Cuir ort uachtar gréine, féach chuige go dtugann seo cosaint UVA agus UVB.
    • Cuir ort hata le d’aghaidh, do chluasa agus do mhuineál a chosaint ós rud é go bhfuil na réimsí seo nochta don ghréin agus no ndóitear go héasca iad.
    • Cuardaigh scáil nó fan istigh idir 11rn agus 3in ós rud é gurb é seo an t-am is treise don ghréin.
    • Cuir ort spéaclaí gréine. Nuair a bhíonn tú ag roghnú spéaclaí gréine, amharc fá choinne an ‘CE Mark’ and British Standard (BS EN 1836:1997) a thugann leibhéal sábháilte cosanta le fios.
    • 100% cosaint UV agus ionsú UV suas go 400nm.
    • Ba cheart go gcoinneodh spéaclaí gréine 75-95% den tsolas amach fosta.

    Comhairle:  má amharcann tú scáthán agus más féidir leat do shúil a fheiceáil fríd na lionsaí is dócha go bhfuil siad ag ligean barraíocht solais isteach.

    Cuir eolas ar d’UACHTAR GRÉINE

    Tá neart roghanna sna siopaí maidir le huachtar gréine agus tugann cuid cosaint níos fearr ná cuid eile. Seo comhairle áisiúil chun an t-uachtar gréine is fearr duit féin a roghnú:

    • SPF: (Fachtóir cosanta gréine) cuireann seo an méid cosanta in aghaidh gathanna UVB in iúl duit. Dá airde an SPF is ea is fearr an chosaint. Roghnaigh uachtar gréine le SPF15 nó níos airde i dtólamh, is cuma cén cineál craicinn atá i gceist. Ciallaíonn níos lú ná SPF 15 nach bhfuil tú ag fáil cosaint do dhóthain ar ghathanna UVB.
    • Córas na réaltaí: Tugann córas na réaltaí an méid cosanta ar ghathanna UVF le fios. Tá go leor daoine nach bhfuil fios acu ar chóras na réaltaí, mar sin is maith seo a chuardach fosta – thig leis bheith ar aghaidh nó ar chúl táirgí. Dá airde uimhir na réalta is ea is mó an chosaint a thugtar.
    • Cuir ort uachtar gréine ar a laghad 20 bomaite sula dtéann tú amach faoin ghréin agus coinnigh ort ag cur leis i gcaitheamh an lae. Cuir ort an t-uachtar gréine achan 2 uair an chloig.
    • Féach chuige go ndéanann tú do bheola a chosaint ag baint feidhme as balsam béil ina bhfuil spf.

     

     

    Réalta UVA 1: Íseal – 20% – 40%

    Réalta UVA 2: Measartha – 40% – 60%

    Réalta UVA 3r: Maith – 60% – 80%

    Réalta UVA 4: Níos Fearr 80% – 90%

    Réalta UVA 5: Is Fearr 90% – 100%

     

    Ná húsáid leapacha gréine thar a bhfaca tú riamh. Féadfaidh gathanna UV ó leapacha gréine a bheith 10 n-oiread níos treise ná grian an mheán lae.

     

    Soláthraíonn Action Cancer…

    Brath Luath

    Seirbhísí scagthástála cíoch agus scrúduithe sláinte le fáil ón Bhus Mór agus ó Theach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste.

    Seirbhísí Tacaíochta

    Tá teiripe chomhlántach, snáthaidpholladh, comhairliú, cóitseáil saoil, piarmheantóireacht agus an Clár Maireachtála Dearfaí s’againn le fáil dófa siúd a dtéann an ailse i bhfeidhm orthu le cáilíocht bheatha a fheabhsú agus straitéisí déileála a fhoghlaim.

    Oideachas

    Mar charthanacht áitiúil a dhíríonn ar fheasacht fá dtaobh den ailse, ar chosc agus ar bhrath, cuireann an fhoireann cur chun cinn sláinte réimse seirbhísí agus clár ar fáil do scoileanna, do phobail agus d’ionaid oibre ar feadh Thuaisceart Éireann.