Ailse ubhagáin

 

 

Cad is Ailse ann?

Tá an cholainn déanta suas de na milliúin ceall a bhíonn  ag dul d’éag de shíor agus cinn úra ag teacht ina n-ionad. De ghnáth, deighleann na cealla ar bhealach ordúil agus rialaithe. Tarlaíonn an ailse nuair a dheighleann cill agus a iolraíonn sí ró-ghasta. Déanann seo cnap ceall mínormálta a dtugtar siad orthu. Bíonn siadaí neamhurchóideach (neamhailseach) nó  urchóideach (ailseach). Tá 200 chineál éagsúla d’ailse ann agus méadaíonn brath luath an deis go mbeidh cóireáil rathúil ann.

Téann ailse ubhagáin i bhfeidhm ar bhreis agus 6,500 bean sa Ríocht Aontaithe achan bhliain. Is é an cúigiú ailse is coitianta idir mhná í i ndiaidh ailse na cíche, ailse phutóige, ailse scamhóg agus ailse na broinne. Is é ailse ubhagáin an ceann is coitianta i mná a raibh an deireadh míostraithe orthu (de ghnáth os cionn aois 50), ach thig léi dul i bhfeidhm ar bhean in aois ar bith. 

Na hUbhagán

Aithnítear ailse ubhagáin ar thart fá 163 de bhaineannaigh i dTuaisceart Éireann agus cailltear thart fá 117 achan bhliain leis an ghalar. Ní bhraitheann tástálacha smearaidh ailse ubhagáin.

Is iad na hubhagáin dhá orgán bheaga ar chumadh uibhe, ceann ar gach taobh den cholainn agus is cuid den chóras giniúna baininscneach iad. Tá siad sa chuid íochtarach den bholg, ar a dtugtar cnuas na láirige.

Orgáin eile iontach cóngarach do na hubhagáin (féach diagram). Áirítear leofa seo:

    • An t-úiréadar, a thaoscann fual ón duán isteach don lamhnán
    • An lamhnán
    • An pasáiste cúil (reicteam)
    • An t-omentum – scannán timpeall ar orgáin uilig chuas na láirige agus an bhoilg agus a choinníonn in alt iad. Tugtar an peireatóinéam air fosta.
    • Cruinniú faireog limfe
    • An bhroinn
    • Duán
    • Feadán Fallópach
    • Soitheach limfeach
    • Ubhagán
    • Faighin

    Cineálacha ailse ubhagáin

    Tá seacht gcineál ailse ubhagáin ann. Áirítear leo:

    • Ailse ubhagáin eipitéiliach, a théann i bhfeidhm ar chisil uachtair an ubhagáin arb é an cineál is coitianta 
    • Siadaí Geirmcheall, a thuismítear sna cealla a dhéanann na huibheacha
    • Siadaí strómacha, a thagann chun cineáil sna cealla a choinníonn na cealla le chéile

    Is é ailse ubhagáin eipitéiliach an cineál is coitianta d’ailse ubhagáin amach is amach.

    Ní fios cad is siocair go cruinn le hailse ubhagáin ach ceaptar go bhfuil roinnt fachtóirí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist, mar líon na n-ubh a scaoileann na hubhagáin agus an raibh ailse ubhagáin ar dhuine inteacht i do theaghlach san am a chuaigh thart. Ach tá nasc géiniteach ag díreach cás amháin i ndeich gcinn d’ailse ubhagáin.   

    Comharthaí ailse ubhagáin

    Ós rud é gur féidir leis na comharthaí a bhaineann le hailse ubhagáin a bheith cosúil leis na comharthaí a bhaineann le riochtaí eile, is féidir léi a bheith doiligh le haithint. Ach tá comharthaí luatha le brath, ar nós-

    • Séideadh seasta
    • Pian i gcuas na láirige agus in íochtar an ghoile
    • Tuirse gan mhíniú

    Áirítear le comharthaí eile –

    • Easpa goile / ag aireachtáil lán go gasta
    • Gá mún a dhéanamh níos minice nó níos práinní 
    • Pian i do dhroim  
    • Athruithe ar chleachtaí an Inne

    Má bhíonn na comharthaí seo ort ar feadh míosa nó ar a laghad 12 lá in imeacht míosa ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le dochtúir an teaghlaigh.  

    Fachtóirí riosca d’ailse ubhagáin

    Ní fios cad is siocair le hailse ubhagáin ach tá roinnt fachtóirí ann a d’fhéadfadh cur leis an bhaol duit.

    Aois

    Tarlaíonn an chuid is mó de chásanna i mná os cionn aois 40; ach is féidir a bheith faoi rian ailse ubhagáin ó aois 20 ar aghaidh.  

    Stair mhuintire

    Tagann an chuid is mó d’ailsí ubhagáin de bharr athruithe ar ghéinte a thagann chun cineáil i mbeatha mná agus nach bhfaightear ó dhúchas. Ach tagann thart fá cheann amháin as 10 gcinn d’ailsí ubhagáin de bharr géine fabhtaí ó dhúchas. Áirítear le géinte fabhtacha ó dhúchas a chuireann le baol ailse ubhagáin a thógáil BRCA1 agus BRCA2. Cuireann na géinte seo leis an bhaol go dtógfaí ailse chíche fosta.

    Má tá máthair, deirfiúr nó iníon agat a raibh ailse ubhagáin nó ailse chíche orthu d’fhéadfá bheith i mbaol níos mó ailse ubhagáin a thógáil ná mná eile sa daonra. Dá mba rud é go raibh do ghaolta faoi aois 50 nuair a aithníodh an ailse orthu, is cosúla gur tháinig a gcuid ailse de bharr géine fabhtaí ó dhúchas.  

    Breith clainne

    Tá baol níos lú do mhná a rug páistí ailse ubhagáin a thógáil ná mná nár rug.

     

    Brath

    San am i láthair níl scagthástáil iontaofa ann chun ailse ubhagáin a bhrath sa phobal i gcoitinne ach tá trialacha cliniciúla ag féachaint le tástáil dá leithéid a chur i dtoll a chéile. Is féidir na tástálacha seo a leanas a dhéanamh le seiceáil fá choinne ailse ubhagáin nuair a bhíonn ábhar imní ann:

    • Scrúdú inmheánach
    • Tástáil fola fá choinne CA125 – Is rud normálta é roinnt CA125 a bheith san fhuil agat ach d’fhéadfadh an leibhéal a bheith níos airde i measc ban a bhfuil ailse ubhagáin orthu
    • Scanadh ultrafhuaime tarfhaighne – Cuirtear fearas beag isteach i d’fhaighin. Mar roimhe déanann an fearas fuaimthonnta a athraítear go pictiúr ag ríomhaire ansin
    • Scanadh CT (CAT) – sraith x-ghathanna a dhéanann pictiúr 3D de thaobh istigh na colainne
    • Laparascópacht – obráid bheag a ligeann don dochtúir amharc ar na hubhagáin agus ar an limistéar thart orthu. Déantar faoi ainéistéiseach ginearálta í, agus b’fhéidir go mbeadh tamall i gcearr san ospidéal i gceist dá bharr.
    • Laparatóime – In amanna ní féidir ailse an ubhagáin a dhiagnóisiú go dearfa sula ndéantar obráid iomlán (laparatóime)

    Soláthraíonn Action Cancer…

    Brath Luath

    Seirbhísí scagthástála cíoch agus scrúduithe sláinte le fáil ón Bhus Mór agus ó Theach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste.

    Seirbhísí Tacaíochta

    Tá teiripe chomhlántach, snáthaidpholladh, comhairliú, cóitseáil saoil, piarmheantóireacht agus an Clár Maireachtála Dearfaí s’againn le fáil dófa siúd a dtéann an ailse i bhfeidhm orthu le cáilíocht bheatha a fheabhsú agus straitéisí déileála a fhoghlaim.

    Oideachas

    Mar charthanacht áitiúil a dhíríonn ar fheasacht fá dtaobh den ailse, ar chosc agus ar bhrath, cuireann an fhoireann cur chun cinn sláinte réimse seirbhísí agus clár ar fáil do scoileanna, do phobail agus d’ionaid oibre ar feadh Thuaisceart Éireann.