Ailse scamhóg

 

 

Cad is Ailse ann?

Tá an cholainn déanta suas de na milliúin ceall a bhíonn ag dul d’éag de shíor agus cinn úra ag teacht ina n-ionad. De ghnáth, deighleann na cealla ar bhealach ordúil agus rialaithe. Tarlaíonn an ailse nuair a dheighleann cill agus a iolraíonn sí ró-ghasta. Déanann seo cnap ceall mínormálta a dtugtar siad orthu. Bíonn siadaí neamhurchóideach (neamhailseach) nó  urchóideach (ailseach). Tá 200 chineál éagsúla d’ailse ann agus méadaíonn brath luath an deis go mbeidh cóireáil rathúil ann.

Tá Ailse na Scamhóg ar cheann de na hailse is coitianta agus is í an phríomhchúis le básanna a bhaineann le hailse. Gach bliain i dTuaisceart Éireann déantar níos mó ná 1,000 duine a dhiagnóisiú le hailse scamhóg. Caitheamh tobac is cúis le 9 gcás as 10 gcinn.

Fachtóirí baoil

Tharlódh go mbeifeá níos mó i mbaol ailse scamhóg a thógáil más rud é:

 

  • Go gcaitheann tú
  • Go bhfuil ailse scamhóg sa teaghlach (más rud é go bhfuil, déan teagmháil le dochtúir an teaghlaigh
  • Go nochtar do ceimic a d’fhéadfadh ailse scamhóg a tharraingt (mar aispeist) thú
  • Go nochtar do thoit athláimhe thú
  • Go raibh ailse a bhaineann le caitheamh nó ailse scamhóg ort roimhe

Na rudaí le coimhéad amach fána gcoinne

Áirítear le comharthaí ailse scamhóg:

  • Casacht sheasta
  • Giorra anála
  • Ag casacht aníos réama (spútam) ina bhfuil lorg na fola
  • Pian sheasta i do chliabhrach
  • Easpa goile
  • Tuirse (traochadh)
  • Easpa meáchain gan mhíniú

Iarr comhairle ar dhochtúir an teaghlaigh má tá ceann ar bith de na comharthaí seo thuas ort.

Laghdaigh an Baol duit

Is é an tsiocair is mó le hailse scamhóg caitheamh.

Dá mhéad a chaitheann tú, is ea is mó an baol go dtógfá ailse scamhóg. Dá fhaide a chaitheann tú cuiridh sé sin tuilleadh leis an bhaol duit. Is é an dea-scéala atá ann an dá luath agus a éiríonn tú as caitheamh go dtoisíonn an baol duit ag laghdú. Mar sin, is cuma cé chomh fada agus a bhí tú ag caitheamh is fiú éirí as!

Ag Ullmhú le Stad

Is iomaí constaic a gcreideann lucht caite a bheith sa bhealach orthu sula n-éireoidh leofa éirí as an chleachtadh. Is féidir linn cuidiú leat chun iad seo a shárú:

  • Tá sé ró-mhall éirí as. Tá an dochar déanta. Dá luaithe a éiríonn tú as caitheamh is ea is fearr is féidir an dochar a dhéanann caitheamh a réiteach má éiríonn tú as an chleachtadh.

  • Cuireann éirí as caitheamh meáchan ort. Is féidir méadú meáchain a sheachaint fríd stíl ghníomhach bheatha a chaitheamh agus cothú cothromaithe a ghlacadh.
  • Cuidíonn caitheamh le strus a laghdú. I ndáiríre is spreagthach é nicitín agus mar sin ní laghdaíonn sé strus. Baintear amach a bheith ag aireachtáil nach bhfuil an oiread struis ort fríd an chíocras atá ort chun nicitín a chothú
  • Níl de neart tola ionam.

Tá neart tacaíochta le fáil le cuidiú le daoine éirí as caitheamh. Ní gá duit a dhéanamh i d’aonar.

Faigh Cuidiú le hÉirí As

Imríonn éirí as caitheamh an tionchar is mó  ar an bhaol go dtógfá ailse scamhóg. Fá choinne comhairle nó tacaíochta nó le do sheirbhís áitiúil fá éirí as caitheamh a aimsiú, gabh go suíomh gréasáin Want Stop 2 na hÁisíneachta um Shláinte Phoiblí ( www.stopsmokingni.info ). Tairgeann an suíomh gréasáin an deis fosta ‘Quit Kit’ a ordú saor in aisce, ina bhfuil eolas agus comhairle áisiúil le héirí as caitheamh.

Tá bealaí eile ann leis an bhaol go dtógfadh muid ailse scamhóg a laghdú, lena n-áirítear: –

  • Cothú – ith neart torthaí agus glasraí
  • Aclaíocht – cothaigh leibhéal maith aclaíochta leis an bhaol go dtógfá ailse scamhóg a laghdú le níos mó ná 20%. Bíonn tionchar níos fearr ag aclaíocht níos déine ar laghdú an bhaoil duit.

Cé go gcuidíonn na fachtóirí stíle beatha seo chun ailse scamhóg a chosc i measc daoine nach gcaitheann, má chaitheann tú d’fhéadfadh nach mbeadh an oiread tionchair acu ar laghdú an bhaoil duit. Is é an rud is fearr amach is amach éirí as caitheamh.

Soláthraíonn Action Cancer…

Brath Luath

Seirbhísí scagthástála cíoch agus scrúduithe sláinte le fáil ón Bhus Mór agus ó Theach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste.

Seirbhísí Tacaíochta

Tá teiripe chomhlántach, snáthaidpholladh, comhairliú, cóitseáil saoil, piarmheantóireacht agus an Clár Maireachtála Dearfaí s’againn le fáil dófa siúd a dtéann an ailse i bhfeidhm orthu le cáilíocht bheatha a fheabhsú agus straitéisí déileála a fhoghlaim.

Oideachas

Mar charthanacht áitiúil a dhíríonn ar fheasacht fá dtaobh den ailse, ar chosc agus ar bhrath, cuireann an fhoireann cur chun cinn sláinte réimse seirbhísí agus clár ar fáil do scoileanna, do phobail agus d’ionaid oibre ar feadh Thuaisceart Éireann.