Ailse phutóige

 

 

Cad is Ailse ann?

Tá an cholainn déanta suas de na milliúin ceall a bhíonn ag dul d’éag de shíor agus cinn úra ag teacht ina n-ionad. De ghnáth, deighleann na cealla ar bhealach ordúil agus rialaithe. Tarlaíonn an ailse nuair a dheighleann cill agus a iolraíonn sí ró-ghasta. Déanann seo cnap ceall mínormálta a dtugtar siad orthu. Bíonn siadaí neamhurchóideach (neamhailseach) nó  urchóideach (ailseach). Tá 200 chineál éagsúla d’ailse ann agus méadaíonn brath luath an deis go mbeidh cóireáil rathúil ann.

Cad is Ailse Phutóige ann?

Is é is ailse phutóige ann, ar a dtugtar fosta ailse cholaireicteach nó ailse dhrólainne, ná ailse ar bith a théann i bhfeidhm air an drólann (an t-inne mór) agus ar an reicteam (pasáiste cúil). Má dhéantar a diagnóisiú go luath, tá ailse phutóige iontach inchóireáilte.

Achan bhliain i dTuaisceart Éireann, déantar 1,100 duine a dhiagnóisiú agus faigheann breis agus 400 duine bás le hailse phutóige, rud a fhágann í mar an dara scriostóir ailse is mó i dTuaisceart Éireann.

Do Phutóige

Tá do bhroinn mar chuid de do chóras díleácha. Is é feidhm an chórais díleá bia a ghlacadh isteach sa chorp agus fáil réidh le dramhaíl. Is é an bputóg áit a stóráiltear an dramhtháirge a itheann go dtí go bhféadfaidh sé an corp a fhágáil (stól, faecas).

1: Goile

2: Inne beag

3: Drólann

4: Reicteam

5: Anas

Fachtóirí Riosca

Tharlódh go mbeifeá níos mó i mbaol ailse phutóige a thógáil más rud é:

  • Go bhfuil tú os cionn 50
  • Go bhfuil méid nach beag d’ailse phutóige sa teaghlach (má tá, déan teagmháil le dochtúir an teaghlaigh)
  • Nach bhfuil stíl ghníomhach mhaireachtála agat agus go n-itheann tú droch-chothú
  • Go raibh polaipí (fás neamhailseach) agat i d’inne
  • Go bhfuil riocht inne, is é sin galar Chron nó Drólainníteas ort le fada
  • Bíodh diaibéiteas cineál II agat

Dea-scéala

Beidh fadhbanna ag an chuid is mó againn, ag am inteacht i rith ár soil, leis na hinní. Tá cuid de na comharthaí d’ailse phutóige ag mórán riochtaí eile nach bhfuil chomh tromchúiseach ar nós siondróm putóige greannaithí agus drólainníteas. Tá sé tábhachtach go ndéantar comharthaí ar bith a sheiceáil cionn is nach ailse phutóige an chuid is mó de na comharthaí. Má bhaineann sé leis an ailse, dá luaithe a dhéantar a chóireáil is ea is fearr é.

 

    Na rudaí le coimhéad amach fána gcoinne

    Tá seans níos mó ná 9 as 10 ag duine teacht fríd ailse phutóige má bhraitear go luath í agus mar sin tá sé tábhachtach go gcuireann tú eolas ar na comharthaí is coitianta den ghalar.

    Áirítear le comharthaí tosaigh ailse na putóige:

    • Fuil i do thuar nó fuiliú ó do reicteam
    • Gluaiste inne scaoilte agus níos rialta ar feadh trí seachtaine nó níos faide
    • Pian boilg nó ag aireachtáil séidte de shíor
    • Easpa meáchain gan mhíniú
    • An-tuirse gan chúis fhollasach
    • Traochadh agus giorra anála

    Iarr comhairle ar dhochtúir an teaghlaigh má tá ceann ar bith de na comharthaí seo thuas ort. Cuimhnigh nach ailse phutóige an chuid is mó de na comharthaí.

    Laghdaigh an baol duit

    Le cuidiú le baol ailse putóige, tá sé tábhachtach:

    • Ith neart snáithín. Áirítear leis seo arán donn, rís dhonn agus pasta agus gránach lán snáithín ar nós bracháin
    • Ith cúig sciartha de thorthaí agus de ghlasraí achan lá. Ith tuar ceatha – féach le torthaí agus glasraí a bhfuil dathanna éagsúla orthu a ithe chun éagsúlacht vitimíní agus mianraí a fháil
    • Coinnigh gníomhach le haclaíocht rialta. Dírigh ar a laghad 30 bomaite cúig huaire in aghaidh na seachtaine
    • Coinnigh hiodráitithe. Moltar 5-6 de ghloiní a ól in aghaidh an lae le coinneáil hiodráitithe
    • Ól taobh istigh de na teorainneacha alcóil a mholtar. Níor cheart d’fhir agus do mhná níos mó ná 14 aonad alcóil a ól go rialta in aghaidh na seachtaine. Níor cheart d’fhir níos mó ná 3 go 4 aonad alcóil a ól go rialta in aghaidh an lae agus do mhná níos mó ná 2 go 3 aonad alcóil in aghaidh an lae
    • Ná caith tobac
    • Más incháilithe, glac páirt i gclár scagthástála ailse na putóige

    Scagthástáil Ailse na Putóige

    Is é sprioc chlár scagthástála Ailse Phutóige Thuaisceart Éireann ailse na putóige a dhiagnóisiú sula nochtann comharthaí agus nuair is mó an seans ar chóireáil rathúil.

    Cad thuige scagthástáil fá choinne Ailse Phutóige?

    • Má bhraitear ailse phutóige iontach luath thig le cóireáil a bheith 90% rathúil ansin
    • Ciallaíonn sé seo go bhféadfaí 60 bás a chosc i dTuaisceart Éireann achan bhliain
    • Is féidir le scagthástáil polaipí a phiocadh suas fosta. Is é is polaipí ann scaifte ceall nach ailse iad ach a d’fhéadfadh éirí ina n-ailse go luath. Má phioctar polaipí suas go luath is féidir iad a bhaint gan stró sula dtarlaíonn sé seo.

    Achoimre ar scagthástáil

    • Tá fir agus mná in aois idir 60 go 71 i dteideal scagthástáil a fháil
    • Gheobhaidh na daoine seo litir, bileog ag míniú na tástála agus pacáiste tástála baile sa phost achan dhá bhliain
    • Iarrtar ar na faighteoirí samplaí beaga den tuar a chruinniú ar chárta speisialta agus an pacáiste a sheoladh go saotharlann scagthástála fá choinne scrúdaithe
    • Má aimsítear fuil sa tsampla, gheobhaidh tú cuireadh go breis tástála. Ní chiallaíonn fuil i do thuar an ailse i dtólamh
    • Eisítear na torthaí taobh istigh de choicís i ndiaidh an tástáil a sheoladh isteach
    • Gheobhadh thart fá 98 in 100 duine toradh normálta
    • Léiríonn taighde go laghdaíonn scagthástáil rialta d’ailse phutóige an baol go bhfaighfeá bás d’ailse phutóige le 16%.

    Le tuilleadh a fháil amach fá dtaobh de Chlár Scagthástála Thuaisceart Éireann, gabh go

    www.cancerscreening.hscni.net

     

    Soláthraíonn Action Cancer…

    Brath Luath

    Seirbhísí scagthástála cíoch agus scrúduithe sláinte le fáil ón Bhus Mór agus ó Theach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste.

    Seirbhísí Tacaíochta

    Tá teiripe chomhlántach, snáthaidpholladh, comhairliú, cóitseáil saoil, piarmheantóireacht agus an Clár Maireachtála Dearfaí s’againn le fáil dófa siúd a dtéann an ailse i bhfeidhm orthu le cáilíocht bheatha a fheabhsú agus straitéisí déileála a fhoghlaim.

    Oideachas

    Mar charthanacht áitiúil a dhíríonn ar fheasacht fá dtaobh den ailse, ar chosc agus ar bhrath, cuireann an fhoireann cur chun cinn sláinte réimse seirbhísí agus clár ar fáil do scoileanna, do phobail agus d’ionaid oibre ar feadh Thuaisceart Éireann.