Ailse Cheirbheacs

 

 

Cad is Ailse ann?

Tá an cholainn déanta suas de na milliúin ceall a bhíonn ag dul d’éag de shíor agus cinn úra ag teacht ina n-ionad. De ghnáth, deighleann na cealla ar bhealach ordúil agus rialaithe. Tarlaíonn an ailse nuair a dheighleann cill agus a iolraíonn sí ró-ghasta. Déanann seo cnap ceall mínormálta a dtugtar siad orthu. Bíonn siadaí neamhurchóideach (neamhailseach) nó  urchóideach (ailseach). Tá 200 chineál éagsúla d’ailse ann agus méadaíonn brath luath an deis go mbeidh cóireáil rathúil ann.

An ceirbheacs

Is ainm eile é ceirbheacs ar mhuineál na broinne agus tá sé clúdaithe ag cealla taobh istigh agus taobh amuigh den bhroinn. Is féidir leis na cealla seo éirí ailseach as a dtagann ailse cheirbheacs.  

Cad is siocair le hailse cheirbheacs?   

Is minic a éiríonn ailse cheirbheacs as víreas papalóma daonna (HPV). Tá cineálacha éagsúla HPV ann ach ní thabharfaidh achan chineál ailse cheirbheacs. Gnéas-tarchuirtear HPV agus mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach gnéas sábháilte a chleachtadh.

An Bhroinn

Déantar thart fá 100 baineannach i dTuaisceart Éireann a dhiagnóisiú le hailse cheirbheacs achan bhliain agus cailltear thart fá 23 leis an ghalar achan bhliain.

Comharthaí d’ailse cheirbheacs

Féadfaidh ailse mhuineál na broinne iomaí bliain le teacht chun cineáil; sula ndéanann sí amhlaidh, tagann athruithe ar cheall mhuineál na broinne. Má thugann tú fá dear do cheann ar bith de na comharthaí seo a leanas, gabh láithreach bonn go dtí dochtúir an teaghlaigh fá choinne scrúdaithe breise.

Is é an comhartha is coitianta fuiliú mínormálta taobh amuigh de do mhíostrú;

  • Fuiliú i ndiaidh gnéis
  • Fuiliú idir míostruithe
  • Fuiliú i ndiaidh an mheanapáis (is é sin má tá do chuid fola míosta i ndiaidh stad ar feadh 6 mhí nó níos faide)

Ag mná áirithe bíonn an méid seo a leanas fosta:

  • Sileadh ón fhaighin a bhfuil boladh bréan as
  • Míchompord nó pian in íochtar chuas na láirige

Mar is gnáth, ní bhíonn comharthaí ar athruithe ar chealla réamhailseacha agus is é sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach go mbíonn tástáil smearaidh agat go rialta.

 

Vacsaín HPV

Tá breis agus 100 cineál HPV ann ach níl ach 13 acu sin aitheanta mar shiocair le hailse cheirbheacs agus tugann díreach dhá cheann acu – cineálacha 16 agus 18 – breis agus 70% de na cásanna. Cuirtear vacsaín HPV ar fáil mar chosaint ar chineálacha 16 agus 18, arb iad an dá chineál is coitianta a thugann ailse cheirbheacs. Le bheith go hiomlán éifeachtach, caithfidh an vacsaíniú a thabhairt sula gcuirtear tús le gníomhaíocht ghnéasach.

    Cé a gheobhaidh an vacsaín?

    Moltar go dtugtar an vacsaíniú mar ghnáthamh chomh luath agus is féidir ar scoil do chailíní ar Bhliain 9 in aois 12 to 13. Laghdaíonn glacadh na vacsaíne an baol go dtógfaí ailse cheirbheacs 70%. Tugtar an vacsaíniú mar thrí instealladh taobh istigh de shé mhí leis an chosaint is fearr a fháil, nó taobh istigh de 12 mhí má chailltear instealladh. Mar atá le vacsaíniú a thugtar do leanbáin, tá sé tábhachtach go gcuirtear críoch leis an chúrsa (na trí dáileoga ar fad) le go n-oibreoidh sé i gceart. Is séimh iad na fo-thorthaí – den chuid is mó cealga agus gortú mar a dtugtar an t-instealladh i ngéag na láimhe, rud a imíonn ar shiúl go luath.  

    Beidh scagthástáil mhuineál na broinne tábhachtach go fóill chun athruithe a bhrath ar mhuineál na broinne de bharr na gcineálacha eile de HPV agus leanfar de ag iarraidh ar mhná teacht go tástáil mar is gnách.

    Féach tuilleadh ag: http://helpprotectyourself.info

    An tástáil smearaidh

    Caithfidh mná idir aois 25 agus 64 iad féin a chosaint ar ailse cheirbheacs. Thig leat é seo a dhéanamh má ghlacann tú modh simplí scagthástála ar mhuineál na broinne ar a dtugtar tástáil smearaidh. Taispeánann an tástáil seo an bhfuil cealla ar bith i muineál na broinne nach bhfuil normálta.

    Tugtar cuireadh d’achan bhean atá cláraithe le dochtúir teaghlaigh go dtí tástáil smearaidh ar a laghad uair amháin achan thrí nó chúig bhliain. Seolfar an chéad chuireadh díreach roimh lá breithe 25 mná agus achan thrí bhliain ina dhiaidh sin go 49. Tugtar cuireadh do mhná in aois 50 go 64 uair achan chúig bhliain. 

    Tá sé iontach tábhachtach freastal fá choinne do smearaidh nuair a ghlaoitear ort.

     

    Cad is tástáil smearaidh ann?

    Is modh é tástáil smearaidh le cealla mínormálta a bhrath ar mhuineál na broinne. Is féidir le brath ceall mínormálta i muineál na broinne agus iad a bhaint de ailse cheirbheacs a chosc.

    De ghnáth, tógann an tástáil ar mhuineál na broinne thart fá chúig bhomaite le déanamh. Déanfar gléas ar a dtugtar spéacalam a chur isteach go réidh i d’fhaighin le ballaí d’fhaighne a choinneáil ar oscailt le go mbeidh muineál na broinne le feiceáil. Bainfear feidhm as scuab bheag bhog le roinnt ceall a thabhairt d’uachtar mhuineál na broinne.

    Seolfar sampla na ceall as muineál na broinne go saotharlann ansin le scrúdú faoi mhicreascóp féachaint an bhfuil cealla mínormálta ar bith ann. Tá sé iontach gasta agus ní airíonn an chuid is mó de mhná ach rud beag de mhíchompord. Seolfar torthaí na tástála chugat sa phost agus is é an sprioc atá acu na torthaí a bheith ar ais chugat taobh istigh de dhá sheachtain.

    Fachtóirí riosca le haghaidh Ailse Cheirbheacsach

    HPV agus Gnéas

    Is é an fachtóir riosca is tábhachtaí fá dtaobh d’ailse cheirbheacs go dtógfaí an galar víreas papalóma daonna (HPV).

    Féadfaidh gnéas go hóg agus iomaí páirtí gnéis a bheith agat cur leis an bhaol go dtógfaí HPV agus go dtiocfadh ailse cheirbheacs ort.

    Caitheamh

    Méadaíonn mná a chaitheann tobac an baol dhá oiread go dtógfadh siad ailse cheirbheacs.

    Córas lagaithe imdhíonachta

    Féadfaidh go mbeadh mná atá imdhíon-sochta (mar shampla, iad siúd a ghlacann drugaí imdhíon-sochta i ndiaidh trasphlandú orgáin nó mná atá VEID-deimhneach) i mbaol níos mó ailse cheirbheacs a thógáil.

    Piollaire frithghiniúnach

    Is féidir le feidhm fhadtéarma as an phiollaire fhrithghiniúnach (ar feadh breis agus 5 bhliain) cur rud beag leis an bhaol ailse cheirbheacs a thógáil.

    Stair mhuintire

    Más rud é go raibh ailse cheirbheacs ar do mháthair nó ar do dheirfiúr tá tú i mbaol níos mó seachas mura robh sí ar dhuine ar bith i do theaghlach.

    Laghdaigh an baol go dtógfá Ailse Cheirbheacs

    • Is é tástáil rialta ar mhuineál na broinne achan 3-5 bhliain an bealach is fearr chun athruithe ar na cealla i muineál na broinne a bhrath
    • Tugann vacsaíniú (HPV) cosaint ar an dá chineál víris a thugann an chuid is mó de chásanna d’ailse mhuineál na broinne. Tugtar an vacsaín do chailíní in aois 12 go 13, le trí dáileoga á dtabhairt thar thréimhse sé mhí.
    • Bain feidhm as coiscín le linn gnéis óir thig leis cosaint a thabhairt ar víris HPV ceangailte le hailse cheirbheacs
    • Éirigh as caitheamh tobac

    Soláthraíonn Action Cancer…

    Brath Luath

    Seirbhísí scagthástála cíoch agus scrúduithe sláinte le fáil ón Bhus Mór agus ó Theach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste.

    Seirbhísí Tacaíochta

    Tá teiripe chomhlántach, snáthaidpholladh, comhairliú, cóitseáil saoil, piarmheantóireacht agus an Clár Maireachtála Dearfaí s’againn le fáil dófa siúd a dtéann an ailse i bhfeidhm orthu le cáilíocht bheatha a fheabhsú agus straitéisí déileála a fhoghlaim.

    Oideachas

    Mar charthanacht áitiúil a dhíríonn ar fheasacht fá dtaobh den ailse, ar chosc agus ar bhrath, cuireann an fhoireann cur chun cinn sláinte réimse seirbhísí agus clár ar fáil do scoileanna, do phobail agus d’ionaid oibre ar feadh Thuaisceart Éireann.