Ailse Oidhreachtúil

 

 

Cad is Ailse ann?

Tá an cholainn déanta suas de na milliúin ceall a bhíonn ag dul d’éag de shíor agus cinn úra ag teacht ina n-ionad. De ghnáth, deighleann na cealla ar bhealach ordúil agus rialaithe. Tarlaíonn an ailse nuair a dheighleann cill agus a iolraíonn sí ró-ghasta. Déanann seo cnap ceall mínormálta a dtugtar siad orthu. Bíonn siadaí neamhurchóideach (neamhailseach) nó  urchóideach (ailseach). Tá 200 chineál éagsúla d’ailse ann agus méadaíonn brath luath an deis go mbeidh cóireáil rathúil ann.

Ailse ó Oidhreacht

Fíricí:

    • Bíonn an chuid is mó d’ailsí fánach agus de bharr fachtóirí seachtracha mar an timpeallacht agus stíl bheatha
    • Baineann idir 6-19% d’ailsí leis an teaghlach, a chiallaíonn go bhfuil an ailse go tréan sa teaghlach. Baineann cineálacha áirithe d’ailse níos treise leis an teaghlach ná cinn eile – ailse chíche, ailse dhrólainne, ailse thíoróideach agus ailse ubhagáin. Má tá an ailse sa teaghlach, féadfaidh go méadódh an baol go dtógfá ailse chíche le 20-30%
    • Tá thart ar 5% d’ailsí nasctha le géinitic fhabhtach nó géinte fabhtacha
    • Tugtar ar an dá ghéin fhabhtacha is coitianta atá nasctha le hailse chíche BRCA 1 agus BRCA 2. Is féidir géin fhabhtach BRCA a fháil ó oidhreacht ó thaobh na máthar nó ó thaobh an athar den teaghlach
    • Má iompraítear géin fhabhtach BRCA féadfaidh an baol do dhuine go dtógfadh sé ailse méadú:

    Le géin BRCA 1 tá baol oiread agus 87% ann go dtógfaí ailse chíche agus baol 40-60% go dtógfaí ailse ubhagáin

    Le BRCA 2 tá baol oiread agus 84% ann go dtógfaí ailse chíche, baol 20% go dtógfaí ailse phróstataigh, baol 20-30% go dtógfaí ailse ubhagáin agus baol 3% go dtógfaí ailse phaincréasach. Tógann 9% d’fhir ag iompar géin ailse chíche fhireann

    • Tá seans 50% go gcuirfí na géinte fabhtacha seo ar aghaidh go páistí iompróra, fireann nó baineann.
    • Tástáladh thart ar 559 de mhná i dTuaisceart Éireann go dearfach do ghéin BRCA 1 nó 2
    • Féadfaidh obráid choisctheach a bheith mar rogha do mhná a iompraíonn géin BRCA 1 nó 2
    • Tugann taighde le fios go bhféadfaidh aclaíocht rialta agus cothú folláin cuidiú leis an bhaol go dtógfá ailse a laghdú. Féadfaidh tríocha bomaite d’aclaíocht chorporra achan lá an baol go dtógfá ailse chíche laghdú le 20% ar a laghad. Féadfaidh an iomarca meáchain cur leis an bhaol go dtógfá ailse – méadaíonn corpmhaise os cionn 30 an baol duit le 25%

    (Fuarthas an fhaisnéis seo ón Ollamh Ó Muireasáin, Sainchomhairleoir le Leigheas Géiniteach, Ospidéal Cathrach Bhéal Feirste agus a fhoireann géinitice)

    Na Chéad Chéim Eile

    Má tá imní ort fá dtaobh d’ailse ó oidhreacht agus má oireann ceann ar bith de na comharthaí a thugtar anseo thíos duit, molann muid duit cuairt a thabhairt ar do dhochtúir a mheasfaidh do chás agus nuair is cuí a chuirfidh ar aghaidh go clinic staire muintire (má bhaineann sé le hailse chíche) nó go clinic géinitice ag an ospidéal thú. Tógfaidh siad stair iomlán mhuintire, déanfaidh siad meas ar an bhaol duit agus más gá déanfaidh siad tástáil ghéiniteach.

    Critéir

    • gaol sa chéad chéim (is é sin, máthair, athair, iníon, deirfiúr, deartháir) diagnóisithe roimh aois 40
    • beirt ghaol sa chéad chéim diagnóisithe roimh aois 50 (ar an taobh céanna den teaghlach)
    • triúr gaol sa chéad chéim nó sa dara céim (ar an taobh céanna den teaghlach)
    • gaol sa chéad chéim a bhfuil ailse chíche fhireann air
    • iompróir aitheanta géine BRCA

    Tacaíocht le fáil

    Cuireann Gníomh na hAilse seirbhísí comhairlithe agus teiripe comhlántaí ar fáil saor in aisce do dhuine ar bith ag freastal, san am i láthair nó san am a chuaigh thart, ar an chlinic staire muintire nó ar an chlinic ghéinitice. Cuireann muid seirbhísí speisialtóireachta ar fáil fosta mar theiripe colm, teiripí Bowen/Emmett, snáthaidpholladh agus cláir aclaíochta grúpaí ar nós Pilates agus Ióga.

    Aithníonn muid go mbaineann strus mór le gabhail fríd an phróiseas tástála géinití don teaghlach uilig. Féadfaidh go mbeadh próiseas fada i gceist in amanna fosta. Tá ár gcuid seirbhísí ann le cuidiú leat fríd chluas le héisteacht agus teiripí a thabhairt le cuidiú leat déileáil leis na mothúcháin agus an strus atá ort. Ní chuireann muid tástáil ghéiniteach ar fáil ach feidhmíonn muid mar thacú breise duit agus tú i mbun an phróisis seo agus/nó ag déileáil leis an tionchar mothúchán a bhaineann le fáil na dtorthaí.

    Tá ár gcuid seirbhísí tacaíochta le fáil ar fud an réigiúin.

      Soláthraíonn Action Cancer…

      Brath Luath

      Seirbhísí scagthástála cíoch agus scrúduithe sláinte le fáil ón Bhus Mór agus ó Theach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste.

      Seirbhísí Tacaíochta

      Tá teiripe chomhlántach, snáthaidpholladh, comhairliú, cóitseáil saoil, piarmheantóireacht agus an Clár Maireachtála Dearfaí s’againn le fáil dófa siúd a dtéann an ailse i bhfeidhm orthu le cáilíocht bheatha a fheabhsú agus straitéisí déileála a fhoghlaim.

      Oideachas

      Mar charthanacht áitiúil a dhíríonn ar fheasacht fá dtaobh den ailse, ar chosc agus ar bhrath, cuireann an fhoireann cur chun cinn sláinte réimse seirbhísí agus clár ar fáil do scoileanna, do phobail agus d’ionaid oibre ar feadh Thuaisceart Éireann.