Feasacht agus Scagthástáil Cíoch

 

 

Cad is Ailse ann?

Tá an cholainn déanta suas de na milliúin ceall a bhíonn  ag dul d’éag de shíor agus cinn úra ag teacht ina n-ionad. De ghnáth, deighleann na cealla ar bhealach ordúil agus rialaithe. Tarlaíonn an ailse nuair a dheighleann cill agus a iolraíonn sí ró-ghasta. Déanann seo cnap ceall mínormálta a dtugtar siad orthu. Bíonn siadaí neamhurchóideach (neamhailseach) nó  urchóideach (ailseach). Tá 200 chineál éagsúla d’ailse ann agus méadaíonn brath luath an deis go mbeidh cóireáil rathúil ann.

Feasacht Cíche

Is í ailse chíche an ailse is coitianta i mbaineannaigh le thart fá 1,000 bean diagnóisithe agus tuairim is 300 bean ag fáil bháis leis an ghalar achan bhliain i dTuaisceart Éireann.

Is é an modh cruthaithe is éifeachtaí le bás le hailse chíche a laghdú ná fríd scagthástáil rialta ban i mbaol, ach tha feasacht  chíche thar a bheith tábhachtach fosta.

Is é is feasacht chíche ann fios a bheith agat cén chuma atá ar do chíocha agus cad é mar a airíonn siad. Má tá a fhios agat cad atá normálta duit, beidh sé furasta athrú a bhrath.

Beidh an chuid is mó d’athruithe ar na cíocha gan dochar ach má bhíonn imní ort is maith an smaoineamh é do dhochtúir teaghlaigh a fheiceáil fá choinne comhairle i gceart.

Cathain Seiceáil

  • Seachtain i ndiaidh do mhíostraithe
  • Má tá tú ag tabhairt na cíche, seiceáil uair in aghaidh na míosa i ndiaidh cothaithe
  • Seiceáil ar an chéad lá den mhí más rud é nach mbíonn míostrú agat a thuilleadh

Conas seiceáil

B’fhéidir gur mhaith leat seiceáil san fholcadán nó sa chith le lámha sobalacha chun eolas a chur ar do chíocha:

 

  • Amharc sa scáthán leis na lámha le do thaobh
  • Tóg na lámha os cionn do chinn agus amharc arís
  • Luigh ar aghaidh leis na lámha ar na cromáin agat agus amharc arís an bhfuil athrú úr ar bith ar chuma na gcíoch agat
  • Le lámha sobalacha le go mbeidh tú i ndon cíoch amháin a sheiceáil san iarraidh gan stró
  • Bain feidhm as an deasóg le cíoch na láimhe clé a sheiceáil agus as an chiotóg le cíoch na láimhe deise a sheiceáil
  • Coinnigh na méara agat le chéile agus bain feidhm astu le sleamhnú os cionn iomlán gach cíche agus thuas faoin ascaill
  • Ní gá duit do chíocha a fháisceadh ná priocadh a thabhairt dófa

Na rudaí le coimhéad amach fána gcoinne

Má bhíonn tú feasach fá dtaobh de na cíocha, is fusa duit na hathruithe a aithint ar nós:

 

  • Athrú ar chuma nó ar mhéid do chíche
  • Cnap nó tiús sa chíoch nó faoin ascaill
  • Athrú ar an chraiceann – loigíní, roic nó ruacht ar bith
  • Sileadh ón tsine – fuiliú nó sileadh trom ar bith
  • Athrú ar shuíomh na sine – á tarraingt isteach nó ag síneadh treo eile
  • Gríos ar an tsine
  • Féitheacha a sheasann amach níos mó ná mar is gnách leofa i gceann de do chíocha
  • Pian nó aireachtáil aisteach nach gnách duit é

Scagthástáil Cíche ag Gníomh na hAilse

Is é Gníomh na hAilse an t-aon charthanacht amháin i dTuaisceart Éireann a chuireann scagthástáil cíche ar fáil do mhná in aois 40 go 49 agus 70 agus níos sine nach bhfuil taobh istigh de réimse aoise an NHS (50 go 70). Cá háit a bhfuil fáil ar an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís scagthástála le fáil ó Theach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste nó ar Bhus Mór Ghníomh na hAilse a bhíonn ag taisteal ar feadh Thuaisceart Éireann ag triall ar phobail agus ar ionaid oibre.

Tá clinicí tráthnóna le fáil achan mhí ag Teach Ghníomh na hAilse dófa siúd a mbíonn sé doiligh dófa rochtain ar sheirbhísí idir 9 agus 5.

Is féidir le scagthástáil athruithe a bhrath a d’fhéadfadh a bheith gan feiceáil nó aireachtáil le linn scrúdú cíche. Tá sé tábhachtach fós áfach, a bheith feasach fá dtaobh de na cíocha idir scagthástálacha.

Scagthástáil Cíche – Le coinne

Nuair a ghlaonn tú fá choinne coinne, tabharfaidh an fhoireann do chuid sonraí a bhaineann le hábhar, déanfaidh siad seiceáil nach bhfuil comharthaí ar bith ort agus go bhfuil tú taobh istigh de réimse aoise scagthástála do Ghníomh na hAilse.

Nuair a thagann tú fá choinne do choinne, míneoidh an radagrafaí mná duit a mbaineann leis an mhodh mhamagraim agus tabharfaidh sé freagra ar cheisteanna ar bith a d’fhéadfadh a bheith agat.

Le linn an mhamagraim, déanfar do chíocha a choinneáil go teann sa mheaisín: coinníonn sé seo gan bhogadh thú agus cinntíonn sé an sonra is fearr ar fad ar an íomhá. Cruthaítear go dtugann an scagthástáil dhigiteach 3D a mbaineann Gníomh na hAilse feidhm aisti scagadh níos fearr. Bíonn fíochán cíche níos dlúithe i mná níos óige.

Déanfar ar a laghad ceithre íomhánna a ghlacadh agus thig leat imeacht ina dhiaidh sin. Ba cheart go dtabharfadh an choinne ar fad thart fá scór bomaite.

A dTarlaíonn i ndiaidh do Scagthástála

Taobh istigh de thrí seachtaine, seolfar an litir chéanna chugat féin agus chuig dochtúir an teaghlaigh s’agat a thabharfaidh toradh normálta nó b’fhéidir a iarrfaidh ort dul fá choinne scrúduithe breise ag clinic cíche ilfhreastail. Cé go bhféadfadh go gcuirfeadh atreorú fá choinne scrúduithe breise imní ort, is tábhachtach tabhairt chun cuimhne nach bhfaigheann an chuid is mó de na mná a atreoraítear diagnóis ailse cíche.

Molann muid mamagram achan dhá bhliain. Idir an dá linn, fan feasach fá dtaobh de na cíocha agat (amharc ar an chéad leathanach eile) agus má thugann tú fá dear d’athruithe ar bith ar do chíoch, déan teagmháil le dochtúir an teaghlaigh.

Fíricí fá dtaobh de na Cíocha

  • Is é is aidhm le scagthástáil an ailse a bhrath go luath nuair is airde an seans go dtiocfá fríd.
  • Níl fianaise ar bith ann a thugann le fios go mbaineann tairbhe le scagadh ban faoi aois 40. Má tá imní ar bith ort, déan teagmháil le dochtúir an teaghlaigh.
  • Má tá ailse chíche i do theaghlach, gabh go dochtúir an teaghlaigh a d’fhéadfadh tú a chur chun cinn go clár staire muintire nó scagthástála géinití thú.
  • Ní dhéanann Gníomh na hAilse scagthástáil ar mhná a bhfuil comharthaí orthu. Más rud é go bhfuil comhartha ort, gabh go díreach go dtí dochtúir an teaghlaigh.
  • Comhbhrúnn an mamagram an chíoch a d’fhéadfadh rud beag de mhíchompord a thabhairt ar mhná áirithe.
  • Tagann a lán ban le chéile ar mhaithe le tacaíocht.
  • Tugann fianaise le fios gur thug an timpeallacht thacúil is shocair s’againn misneach do mhná a d’fhéadfadh a bheith ag aireachtáil neirbhíseach.
  • Saor in aisce atá an scagthástáil s’againn. Cosnaíonn sé £80 an tástáil ar Ghníomh na hAilse. Ní fhaigheann muid maoiniú ar bith agus braitheann muid go huile is go hiomlán ar thabhartais.
  • Braitheann an tseirbhís scagthástála s’againn cúig hailse ar meán as gach 1000 bean a scagtar.
  • Tá ár scagadh saor in aisce. Cosnaíonn sé £80 in aghaidh an scagthástála ar Action Cancer. Ní fhaighimid aon mhaoiniú agus braithimid go hiomlán ar shíntiúis.
  • Aimsíonn ár seirbhís scagthástála cúig ailsí ar an meán i ngach 1,000 bean a scrúdaítear.

Sábháilte – Anne Nelson, An Chorr Chríochach

‘Braitheadh mo chuid ailse fríd scagthástáil ghnáthaimh le Gníomh na hAilse. D’fhág a bheith réamhghníomhach fá dtaobh de mo shláinte gur bhraith mé ailse go luath nuair a thig le cóireáil a bheith níos rathúla. Airím go bhfuil mé i bhfiacha mo bheatha do Ghníomh na hAilse cionn is murach a gclár scagthástála, b’fhéidir nach mbeinn anseo le mo scéal a chur in iúl. 

Tacaithe – Joy Montgomery, Béal Feirste

I ndiaidh ailse chíche a bhrath i m’iníon agus m’iníon chéile beirt, mhol dochtúir an teaghlaigh teagmháil a dhéanamh le seirbhís chomhairlithe Ghníomh na hAilse. Ba mhór an faoiseamh é caint le duine inteacht taobh amuigh den teaghlach agus tuigbheáil go raibh an bealach a raibh mé ag aireachtáil normálta ar fad.

Misnithe – Jo McNells, An Ómaigh

Ar feadh blianta, chuaigh mé agus mo cheathrar deirfiúr leis na cíocha againn a scrúdú ag Teach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste – ‘Lá na gCíoch’ dúinn a thugann muid air. Buíochas le Dia bhí achan scagthástáil againn normálta. Ní féidir an suaimhneas aigne a thugann sé seo dúinn a thomhas.

Soláthraíonn Action Cancer…

Brath Luath

Seirbhísí scagthástála cíoch agus scrúduithe sláinte le fáil ón Bhus Mór agus ó Theach Ghníomh na hAilse i mBéal Feirste.

Seirbhísí Tacaíochta

Tá teiripe chomhlántach, snáthaidpholladh, comhairliú, cóitseáil saoil, piarmheantóireacht agus an Clár Maireachtála Dearfaí s’againn le fáil dófa siúd a dtéann an ailse i bhfeidhm orthu le cáilíocht bheatha a fheabhsú agus straitéisí déileála a fhoghlaim.

Oideachas

Mar charthanacht áitiúil a dhíríonn ar fheasacht fá dtaobh den ailse, ar chosc agus ar bhrath, cuireann an fhoireann cur chun cinn sláinte réimse seirbhísí agus clár ar fáil do scoileanna, do phobail agus d’ionaid oibre ar feadh Thuaisceart Éireann.